Paul Bolger & Barry Devlin
Stiúrthóir, beochanóir agus ealaíontóir é Paul Bolger. Is le coimicí a chaith sé a dhúthracht. D’oibrigh sé mar bheochanóir in Don Bluth Studio agus in Dagda Film, agus ba é a bhí ina phríomhbheochanóir ar Cool World, The Thief and the Cobbler (Werner) agus ina stiúrthóir ar Gardens agus Happily N’ever After.
Scríbhneoir scannáin is teilifíse aitheanta é Barry Devlin ( A Man of No Importance, The Darlings Buds of May), Tá cúpla clár faisnéise ar U2 stiúrtha aige, agus ba é a rinne go leor dá gcuid físeán. Ba é príomhcheoltóir na Horslips freisin é, tráth.
CÚ 2
Paul Bolger & Barry Devlin€12.00
Eipic mhór Chú Chulainn agus í ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar seo insítear scéal a óige, a thitim amach le Conchúr rí Uladh, agus a thuras go hAlbain sa tóir ar oiliúint in ealaín an chogaidh. Insint láidir bhríomhar atá anseo ar an seanscéal agus é maisithe le fuinneamh is le teannadh. Leabhar í seo a dhúisíonn seanchuimhní an chine agus a spreagann samhlaíocht na hóige.
Cú 3
Paul Bolger & Barry Devlin€12.00
Faoi dheireadh! Tá an leabhar deireanach sa triológ chugainn agus tá eipic mhór Chú Chulainn ar fad ar fáil anois mar úrscéal grafach. San imleabhar deireanach seo bailíonn naimhde Chú Chulainn ina choinne, Méabh, Calaitín, Feardia, agus fiú an Mhór-Ríon í féin. Beidh sé ina bháire fola!
Cú